skip to main content

Tobar na Cartlainne

Fishermen/fishing Image Name: Fishermen/fishing Description: Two fishermen cast nets from their boat, 1968. Copyright: RTÉ Archives

Éisteoidh muid i gclár an lae inniu le cainteoirí breátha agus iad ag cur síos ar ghnéithe éagsúla den saol a bhaineann leis an bhfarraige.  I measc na ndaoine a chloisfear, beidh duine de Sheoige Inis Bearacháin, John William Seoige, a bhain cáil amach sna caogaidí i rásaí currach ar fud na tíre, agus é faoi agallamh i 1994.  Cloisfear agallamh freisin le Paddy Barry, úinéir an bháid seoil an St. Patrick nó Bád Chonroy, a rinne turas farraige go dtí cósta thiar thuaidh na Graonlainne i 1993.  Ar na daoine eile a chloisfear, beidh Seosamh Ó hEidhean, Josie Bheachlín Joe as Leitir Mealláin, a raibh ceird thar a bheith tábhachtach aige san am a caitheadh, sin ag gearradh seolta do bháid seoil, agus Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha as Na Creagáin i gCois Fharraige, a rinne cur síos ar an saothrú a bhain sé as an bhfarraige agus é ag iascaireacht.  Is í Éibhlín de Bhailís a chuirfidh an clár i láthair.

In this programme today, Eibhlín de Bhailís will bring us four wonderful interviews from the archives about life on the sea.  We’ll hear an interview with John Wiliam Seoige, one of the famous Seoige family from Inis Bearacháin renowned for their currach racing skills.  We’ll hear an interview with Paddy Barry, owner of the St. Patrick of Bád Chonroy as it is known, which travelled to Greenland in 1993.  We’ll also hear an interview with Seosamh Ó hEidhean, or Josie Bheachlín Joe, from Leitir Mealláin, a sail maker, and Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha from Na Creagáin in the Cois Fharraige area of Connemara, describing his time as a fisherman.  Eibhlín de Bhailís presents.