skip to main content

Cearnóga Átha Cliath

14 Mountjoy Square, Dublin Image Name: 14 Mountjoy Square, Dublin Copyright: RTÉ Stills Library
Door knocker, number 67 Mountjoy Square Image Name: Door knocker, number 67 Mountjoy Square Description: Detail of door knocker, number 67 Mountjoy Square, Dublin Copyright: RTÉ Stills Library
Mountjoy Square, Dublin 1976 Image Name: Mountjoy Square, Dublin 1976 Description: Mountjoy Square, Dublin 1976 Copyright: RTÉ Stills Library

Beidh deis eile ag éisteoirí an tsraith seo faoi chearnóga Seoirseacha Bhaile Átha Cliath a chloisteáil sa samhradh, agus inniu tabharfaidh an láithreoir Mairéad Uí Dhomhnaill aghaidh ar Chearnóg Mhuinseo i dtuaisceart na cathrach.   Cloisfimid agallaimh le Nuada Mac Eoin, ailtire, Karin O’Flanagan, Rúnaí Chumann Chearnóg Mhuinseo, agus Rachel Ní Chuinn, bean óg a bhfuil árasán ar cíos aici ann.  Idir 1753 agus 1818 tógadh cearnóga galánta Seoirseacha i mBaile Átha Cliath.  Bhain stádas ollmhór leo, agus bhí na foirgnimh, agus na háitritheoirí iontu, lárnach i stair shóisialta, chultúrtha, pholaitíochta, oideachais agus ghnó ag an am.  Sa tsraith seo le Mairéad Uí Dhomhnaill, cloisfimid faoi scéal na bhfoirgneamh seo thar na blianta, agus céard atá i ndán dóibh anois.  Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón Scéim Fís agus Fuaim de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. 

Listeners will get a second chance to hear this series about the Georgian Squares of Dublin as part of the summer schedule, and today Mairéad Uí Dhomhnaill heads for Mountjoy Square in the north of the city.  She speaks to architect Nuada Mac Eoin, Secretary of Mountjoy Square Society Karin O’Flanagan, and Rachel Quinn, a young woman who rents an apartment there.  Between 1753 agus 1818, grand Georgian squares were built in Dublin and the buildings, and their residents, were central to the social, cultural, political, educational and business history of the time.  In this series, Mairéad Uí Dhomhnaill examines the stories of these Georgian squares over the years, and what is in store for them now.  This series was produced with funding from the BAI’s Sound and Vision scheme.