skip to main content

Babaró

Thug Mairéad Ní Mhaolchiaráin cuairt ar Scoil Náisiúnta Chaiseal na gCorr i measc na gcnoc i gceantar Ghort a Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill.  Labhair sí le páistí na linne a bhí ar an scoil sin nuair a craoladh an clár don chéad uair ar an 24 Deireadh Fómhair 1999.  Bhí súil ag cuid acu a bheith ag imirt sacair le Ceiltigh Ghlaschú, agus cailíní ar mhaith leo a bheith ina mbanaltraí agus ina ngruagairí.  D’aithris siad filíocht agus dúirt siad amhráin do Mhairéad.

Today, we’ll hear how Mairéad Ní Mhaoilchiaráin got on when she visited Scoil Náisiúnta Chaiseal na gCorr beside Gort a Choirce in the Donegal Gaeltacht in October 1999.  She spoke to children there about their dreams, some of the boys talked to her about hoping to play soccer with Glasgow Celtic, and the girls were interested in becoming nurses and hairdressers.  They performed poetry and sang songs for Mairéad too.