Mar chuid de chomóradh 40 bliain bhunadh Údarás na Gaeltachta, beidh agallaimh le hiar-chomhaltaí, le hiar-chathaoirligh agus le hiar-phríomhfheidhmeannaigh de chuid na heagraíochta ag Máirín Ní Ghadhra dúinn sa tsraith nua seo. Labhróidh siad léi faoi chéard a thug i dtreo an Údaráis iad, suáilcí agus duáilcí na heagraíochta, cuid de na dúshláin is mó a bhí le sárú, agus a bhfuil i ndán d’Údarás na Gaeltachta anois. Is é Seán Ó Neachtain, comhalta ar an gcéad bhord i 1979 agus iar-chathaoirleach ar an mbord, a bheidh faoi agallamh inniu. Ar chuid de na haíonna eile a bheas sa tsraith, beidh Seosamh Ó Cuaig, Connie Ní Fhátharta agus Steve Ó Cúláin. Is í Máirín Ní Ghadhra láithreoir agus léiritheoir na sraithe.