skip to main content

Séasúr na Faisnéise

Inniu, cloisfidh muid an clár Cuinneog Bhéal Átha Chomhraic.  I ndeireadh na gcaogaidí lonnaigh Bord na Móna ar chriathraigh Thuaisceart Mhaigh Eo le móin a chur ar fáil don stáisiún nua aibhléise a bhí Bord Soláthar an Leictreachais a thógáil.  Uaidh sin amach bhí glór agus fuirseadh na gcéadta oibrí le n-aireachtáil agus ba é an túr fuaraithe, nó Cuinneog Bhéal Átha Chomhraic, an rud ba shuntasaí ar dhroim talún.  Ar an gcéad lá de Mhárta 2005, tar éis trí bliana agus dhá scór gineadh an t-aonad deireanach aibhléise i mBéal Átha Chomhraic.  Leagadh amach na hoibrithe agus tosaíodh ag baint an stáisiúin ó chéile.  Leagadh Cuinneog Bhéal Átha Chomhraic agus beidh an áit mar a bhí sé cheana leis na cianta cairbreacha.  Sa chlár seo cloisfear cuimhní agus smaointe na ndaoine is mó a mbaineann sé leo.

Today in this series, we’ll hear the documentary Cuinneog  Bhéal Átha Chomhraic.  Bord na Móna came to Bellacorick in north Mayo in the late fifties to supply the new ESB electricity generation station there.  With this development came employment and a landmark cooling tower that dominated the surrounding landscape.  On the first of March 2005, after forty three years, the station generated its last unit of electricity.  The work force was made redundant and the station began to be dismantled.  The cooling tower, nicknamed Cuinneog Bhéal Átha Chomhraic, was also, in due course, dismantled and the landscape restored to its original state.  This programme tracks the history of the plant and includes memories and accounts from contributors who were associated with it.