Beidh Scoil Cheoil an Earraigh ar bun i mBaile an Fheirtéaraigh ó 19 go 23 Feabhra i mbliana. Scoil Cheoil í seo a thugann aird ar leith do cheol, d’amhráin agus do stíl cheoil Chorca Dhuibhne. Beidh suas le fiche rang agus ceardlann éagsúla mar chuid den ócáid i mbliana, agus beidh scoth na gceoltóirí i láthair, ina measc Desi Wilkinson, Jeremy Spencer, Gearóid Ó Duinnín, Seosaimhín Ní Bheaglaoich, Eimear Donnellan, Emma Corbett, Fidelma & Mick O’Brien, Muireann Nic Amhlaoibh, Caoimhín Ó Raghallaigh, Aoife & Deirdre Granville, Eithne Ní Chatháin, Colm Murphy, Bríd Donnelly, Aindí Ó Súilleabháin agus Breanndán Ó Beaglaoich. Beidh Helen Ní Shé in Áras Bhréanainn inniu agus í timpeallaithe ag ceoltóirí agus iad ag craoladh beo ó Scoil Cheoil an Earraigh.
Scoil Cheoil an Earraigh takes place this year from 19 to 23 February in Baile an Fheirtéaraigh. This music school and festival is focused particularly on the style and music of Corca Dhuibhne. There will be up to twenty music workshops this year, with a cast of very talented musicians teaching and performing, including Desi Wilkinson, Jeremy Spencer, Gearóid Ó Duinnín, Seosaimhín Ní Bheaglaoich, Eimear Donnellan, Emma Corbett, Fidelma & Mick O’Brien, Muireann Nic Amhlaoibh, Caoimhín Ó Raghallaigh, Aoife & Deirdre Granville, Eithne Ní Chatháin, Colm Murphy, Bríd Donnelly, Aindí Ó Súilleabháin and Breanndán Ó Beaglaoich. Helen Ní Shé will be surrounded by musicians today for this programme live from Áras Bhréanainn where Scoil Cheoil an Earraigh is in full swing.