Beidh Peadar Ó Riada ag ceiliúradh 1000 eagrán den chlár anocht, agus beidh aoi speisialta sa stiúideo aige, an t-amhránaí cáiliúil Seán Ó Sé as Corcaigh, agus iar bhall de Cheoltóirí Chualann dár ndóigh. Beidh Peadar agus Seán i mbun comhrá inniu faoi thábhacht an cheoil don duine agus don sochaí. Beidh siad ag caitheamh súil siar ar mar a d’fhorbair an ceol Gaelach sa tír seo, agus mar a leath sé thar lear, agus suim sa cheol anois ag daoine i ngach cúinne den domhan, ábhar iontais agus mórtais do Pheadar.
Peadar Ó Riada will be joined in studio today by special guest Seán Ó Sé, the legendary Cork singer, as he marks his one thousandth episode of Cuireadh chun Ceoil. Listeners can expect an interesting discussion on music, its importance for a person’s spiritual wellbeing, the development of traditional Irish music in Ireland and around the world, and how much has changed for Irish music in Ireland since the seventies.