Cuirfidh Peadar Ó Riada an clár i láthair ón Mhuileann i mBaile Mhúirne anocht, áit a mbeidh Éigse Dhiarmuidín ar bun i gcuimhne ar Dhiarmuid Ó Súilleabháin. Beidh deartháir Dhiarmuid, Danny Mhaidhcí, mar aoi speisialta chomh maith le go leor eile, agus beidh ceol beo agus amhráinacu dúinn. Mar chuid den chlár anocht freisin, fógróidh Peadar Ó Riada an 15 duine a bheidh san iomaíocht sa chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada. Beidh an chraobh ar siúl in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh ar 7 Feabhra, agus is í an fheadóg mhór agus an fheadóg stáin na huirlisí i mbliana. Beidh duais €2500 chomh maith leis an mbonn óir le fáil ag an mbuaiteoir. Fógróidh Peadar ainmneacha na moltóirí ar an gcomórtas anocht, leis.
Peadar Ó Riada will bring us his programme live from the Mills Inn in Baile Mhúirne in the Cork Gaeltacht today, where the Éigse Dhiarmuidín festival is taking place in memory of singer and broadcaster Diarmuid Ó Súilleabháin. Peadar will be joined by special guest Danny Mhaidhcí, brother of Diarmuid, for the programme, as well as others, for live music and song. The programme will also include the announcement of the finalists for the Seán Ó Riada Gold Medal competition, which is for flute and whistle this year. The final will be broadcast live from the Rochestown Park Hotel in Cork on 7 February, with the winner taking home €2500 as well as the coveted gold medal. Peadar will also announce the judges for this year’s competition on the programme this evening.