skip to main content

An Saol ó Dheas

Diarmuid Ó Súilleabháin Image Name: Diarmuid Ó Súilleabháin Description: Diarmuid Ó Súilleabháin
Diarmuid Ó Súilleabháin Image Name: Diarmuid Ó Súilleabháin Description: Singer and broadcaster Diarmuid Ó Súilleabháin Copyright: Éigse Dhiarmuidín

Beidh an clár ag teacht beo ó Mhúscraí inniu, áit a mbeidh Éigse Dhiarmuidín ar siúl ag an deireadh seachtaine.  Tionóltar an éigse i gcuimhne agus in ómós don amhránaí agus don chraoltóir Diarmuid Ó Súilleabháin ón gceantar seo, a cailleadh sa bhliain 1991.  Beidh ceardlanna amhránaíochta, seisiúin, léiriú scannáin, seoladh leabhair, amhránathon, coirm cheoil agus neart eile ar bun mar chuid d’imeachtaí na féile.  Beidh aíonna speisialta, ceol beo agus súil chun cinn ar an bhféile ag Helen Ní Shé dúinn ar an gclár inniu. 

The programme will be broadcast live from the Múscraí Gaeltacht in Cork today, where the Éigse Dhiarmuidín festival takes place this weekend.  The festival is held annually in honour and in memory of broadcaster and singer Diarmuid Ó Súilleabháin, from the area, who died in 1991.  The weekend events will include singing workshops, sessions, films, a book launch, a concert, a marathon singing session – amhránathon, and plenty more.  Helen Ní Shé will be joined by special guests, with live music for us, on the programme today as they look ahead to the weekend.