skip to main content

Súil Siar 1919

An Chéad Dáil 1919 Image Name: An Chéad Dáil 1919 Description: Members of the First Dáil (1919) Copyright: RTÉ

Sraith úr staire í seo a thugann siar sinn go dtí imeachtaí na bliana 1919, bliain chorrach, chinniúnach i stair na tíre.  Pléifidh Dónall Ó Maolfabhail agus painéal staraithe imeachtaí na bliana sin gach seachtain ar an gclár, agus na mór-cheisteanna a bhí i mbéal mhuintir na tíre. 

Inniu, sa dara chlár sa tsraith, pléifear an chéad Dáil a tionóladh ar an 21ú Eanáir.  Scrúdaíonn an tOllamh Emeritus le Stair in Ollscoil na hÉireann Gaillimh Gearóid Ó Tuathaigh agus an Dr Kerron Ó Luain ó Roinn na Staire i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, cúlra an Chláir Daonlathaigh a ghlac an Dáil leis ar an lá sin, agus pléann cé mhéid a bhí ar eolas ag feisirí na Dála faoi na hionsaithe a rinne an IRA sna míonna luaithe?

This new history series examines the year 1919, a momentous and unsettled year in the history of the state.  Each week, Dónall Ó Maolfabhail will be joined by a panel of historians to discuss the big questions that were front of mind for Irish society. 

Today, in the second programme in the series, the panelists will discuss the first Dáil, convened on 21st January.  History Professor Emeritus in NUIG Gearóid Ó Tuathaigh, and Dr Kerron Ó Luain from the history department in UCD, will discuss the Democratic Programme adopted by the Dáil on that first day, and they discuss how much information the Dáil deputies had about the IRA attacks in the early months of the administration.