Inniu, ar chlár cartlainne an iarthair, beidh beirt bhan a bhí sna mná rialta le Siúracha na Trócaire le cloisteáil againn, an tSiúr Bernard Ní Churraoin (nach maireann) as an gCnocán Glas sa Spidéal ó dhúchas, mar a labhair sí le RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1996, agus Mairéad Ní Chonaola as Doire Choill, Casla, a d’imigh as na mná rialta éis di os cionn deich mbliana fichead a chaitheamh leo, mar a labhair sí i 1995. Is í Eibhlín de Bhailís láithreoir agus léiritheoir na sraithe seo.
Today, our western archive programme will feature interviews with two women who were in the Sisters of Mercy order, Sister Bernard Ní Churraoin from An Cnocán Glas in An Spidéal, interviewed in 1996, and Mairéad Ní Chonaola from Doire Choill, Casla, who was interviewed in 1995. Mairéad spent more than thirty years as a nun before leaving the order. Eibhlín de Bhailís is series presenter and producer.