Inniu, beidh an clár dírithe ar chúrsaí oideachais agus oiliúna sa Ghaeltacht agus ar an fhorbairt atá tagtha orthu ó aimsir na Gluaiseachta, agus mar atá sé sin ag dul chun sochair an phobail. Cloisfidh muid agallaimh le Máirtín Ó Conghaile, iar-phríomhoide ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin, faoin oideachas dara leibhéal agus beidh Peadar Mac an Iomaire ag caint faoi obair Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag an tríú leibhéal. Labharfaidh Pádraig Ó hAoláin faoin oideachas tríú leibhéal agus na deiseanna a thug sé do phobail Ghaeltachta. Beidh Mairéad Nic Con Iomaire ag caint faoi Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, agus beidh Anna Ní Chartúir ag cur síos ar chúrsaí tumoideachais agus gaelscolaíochta sa Ghaeltacht. Labharfaidh Antaine de Baróid faoi chúrsaí traenála, agus obair na n-eagraíochtaí AnCO agus FÁS sna Gaeltachtaí. Láithriú agus léiriú le Tomás Mac Con Iomaire.
Today, the programme will be focused on education and training in the Gaeltacht since the time of the Gaeltacht Civil Rights Movement, and how they have improved life for the communities in the Gaeltacht. We’ll hear an interview with Máirtín Ó Conghaile, former principal of Scoil Chuimsitheach Chiaráin, about second level education and Peadar Mac an Iomaire will discuss third level and the work of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Pádraig Ó hAoláin will also discuss third level education, and how it brought new opportunities to Gaeltacht communities. Mairéad Nic Con Iomaire will describe the work of Comhar Naíonraí na Gaeltachta in preschool services, and Anna Ní Chartúir will talk about total immersion and gaelscoileanna in the Gaeltacht. Antaine de Baróid will describe the work of AnCO and FÁS in providing training courses in the Gaeltacht. Presented and produced by Tomás Mac Con Iomaire.