skip to main content

Iris Aniar

Lá Mhic Dara Image Name: Lá Mhic Dara Description: Boats heading for Cruach na Cara Island out from the Carna on La Mhic Dara, feast of Patron Saint Mac Dara

Inniu Lá Fhéile Mhic Dara, agusbeidh Iris Aniar ag craoladh beo ó Chéibh an Mhása, siar ó Charna, áit a mbeidh an ceiliúradh ag tosú.  Ba sa Seachtú hAois a thóg Naomh Mac Dara teampall ar an oileán amach ón Más, agus is nós le bádóirí an cheantair na seoltaí a ísliú trí huaire agus iad ag dul thar an oileán in ómós don naomh.  Go traidisiúnta, téann na céadta isteach ar an oileán ar an lá seo gach bliain, lá an phatrúin, don aifreann, agus ansin níos deireanaí bíonn rásaí báid ann, agus ceol, craic agus ceiliúradh ar an mórthír.  Beidh Fionnuala Uí Neachtain ar an stiúir inniu, agus beidh sí féin agus foireann an chláir ag caint le lucht na mbád, leo siúd atá ag dul isteach ar an oileán, agus le ceoltóirí agus amhránaithe, faoin ócáid bhliantúil seo. 

Today, Iris Aniar will be broadcasting live from the pier at An Más in Carna, where celebrations will be starting for Lá Fhéile Mhic Dara, the feast day of the local patron saint.  Each year on this day hundreds make the pilgrimage to the island of Saint Mac Dara, leaving from the pier, with boat racing later in the day, and music and dancing until late.  This morning, presenter Fionnuala Uí Neachtain will be speaking to local boatmen, people travelling out to the island, musicians and singers, about this unique event.