skip to main content

Siúlach Scéalach

Séamus Ennis Image Name: Séamus Ennis Description: Traditional Irish musician Séamus Ennis (1963) Copyright: RTÉ Archives
Séamus Ennis (1963) Image Name: Séamus Ennis (1963) Description: Traditional Irish musician Séamus Ennis (1963) Copyright: RTÉ Archives

Ar an chlár seo inniu, cluinfidh muid comhrá agus caint shuimiúil ón chartlann ó Shéamus Ennis, Cáit Uí Chonláin ón Spidéal agus Nioclás Tóibín ón Rinn, chomh maith le corr-ghiota ceoil agus amhrán.  Labhrann Séamus Ennis fán dóigh ar fhoghlaim sé port nuair a chuala sé ceol ó cheann de na botháin sin a bhíodh ar thránna fadó le do chuid éadaí a bhaint díot srl. Insíonn sé scéal an phoirt Cathaoir an Phíobaire dúinn, agus an scéal a bhaineann leis an fhonn Tiarna Mhaigh Eo fosta, agus casann sé an tiún ar an phíb.  Rinneadh an t-agallamh le Cáit Uí Chonluain sa bhliain 1971, ina labhrann sí fán éirí in airde atá ar roinnt de mhuintir An Spidéil, dar léi, mar nach bhfuil siad sásta Gaeilge a labhairt.  Deir sí freisin gur ar thóir phointí do scrúduithe a bhíonn cuid mhaith de na déagóirí a thagann chun na háite ag foghlaim Gaeilge seachas rud ar bith eile.  Labhrann Nioclás Tóibín fán dóigh ar fhoghlaim sé a chuid amhrán agus fá thábhacht ár gcultúr do mhuintir na Rinne. Ceolann sé fosta.  Láithriú agus léiriú le hIan Lee.

On the programme today, we hear material from the archives from Séamus Ennis, Cáit Uí Chonluain from An Spidéal and Nioclás Tóibín from An Rinn.  Séamus Ennis talks about the provenance of several tunes, and how he learned them, including a rendition of Lord Mayo.  Cáit Uí Chonluain was interviewed in 1971, and tells the listeners why she thinks the people of An Spidéal have notions as they won’t speak Irish.  She also thinks most of the students coming to the area to learn Irish are doing so purely for the academic advantage.  Nioclás Tóibín talks about how he learned his songs, and the importance of Irish culture to the community of his homeplace of An Rinn.  Presented and produced by Ian Lee.