skip to main content

Lá an Chomhairimh

Máirín Ní Ghadhra Image Name: Máirín Ní Ghadhra Description: Máirín Ní Ghadhra

Inniu, tosófar ar na vótaí a caitheadh Dé hAoinesnatoghcháin áitiúla, Eorpacha agus sa Reifreann ar Cholscaradh a chomhaireamh, agus beidh clúdach cuimsitheach ar thoradh an vóta le fáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcaitheamh an deireadh seachtaine.  Is í Máirín Ní Ghadhra a bheidh sa chathaoir ar maidin agus beidh tuairisceoirí sna hionaid chomhairimh ar fud na tíre.   Beidh painéal sa stiúideo chun plé a dhéanamh ar na torthaí, agus orthu siúd a bheidh ar an bpainéal ar maidin beidh an t-iar Fheisire Eorpach Seán Ó Neachtain, an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin, an saineolaí ar staitisticí Donncha Ó hÉallaithe agus an t-iriseoir Cathal Mac Coille.

Today, work will begin on counting the votes cast in the local and European elections and the Referendum on Divorce on Friday, and RTÉ RnaG will have comprehensive coverage of the results throughout the weekend.  This morning, Máirín Ní Ghadhra will be at the helm in studio, with reporters in count centres across the country.  Panelists in studio will include former MEP Seán Ó Neachtain, journalists Áine Ní Chiaráin and Cathal Mac Coille, and statistics expert Donncha Ó hÉallaithe.