skip to main content

Barrscéalta

Róise Ní Ghrianna (Róise Rua) Árainn Mhór, 1963. Image Name: Róise Ní Ghrianna (Róise Rua) Árainn Mhór, 1963. Description: Róise Ní Ghrianna, Árainn Mhór, 1963. Photgrapher: Leo Corduff Copyright: Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD

Beidh Barrscéalta ag craoladh beo ó Tigh Early ar Oileán Árainn Mhór inniu, áit a mbeidh an chéad Fhéile Róise Rua ar bun an deireadh seachtaine seo.  Déanfaidh an fhéile traidisiún na hamhránaíochta ar an oileán, agus oidhreacht Róise Rua, a cheiliúradh, agus beidh sé dírithe go príomha ar an amhránaíocht traidisiúnta gan tionlacan.   Orthu siúd a bheidh páirteach san fhéile, beidh Mairéad Ní Mhaonaigh, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Maighread Ní Dhomhnaill, Méabh Meir, Mick O’Grady, Jerry O’Reilly agus Clann Mhic Ruairí.  Rugadh Róise Rua, nó Róise na n-Amhrán, ar an oileán sa bhliain 1879.  Bhí cáil na hamhránaíochta ar Róise agus thiocfadh daoine chuig an teach ag airneáil go minic, go gcloisidís a cuir amhrán agus a cuid scéalta.  Sa bhliain 1953 ghlac Seán Ó hEochaidh ó Chumann Bhéaloideasa Éireann síos 67 amhrán ó Róise, chomh maith le scéalta agus nótaí ar na hamhráin.  Tamaillín ina dhiaidh sin, tháinig Proinsias Ó Conluain agus Jimmy Mahon ó Radio Éireann chun an oileáin agus thaifead siad 60 amhrán léi.  Ar Bharrscéalta inniu, gheobhaidh muid tuiscint ar thábhacht Róise i gcomhthéacs a cuid oibre mar cheoltóir agus mar chaomhnóir, agus is mór le foireann an chláir go mbeidh  go leor de phobal an oileáin, idir óga agus aosta, ina gcuideachta lena saol a cheiliúradh inniu.

Barrscéalta today will be broadcast live from Early’s in Árainn Mhór, or Arranmore Island, off the coast of Donegal today where the Féile Róise Rua festival takes place this weekend.  The festival celebrates the heritage of Róise Rua, and the tradition of singing on the island, and will be focused on traditional, unaccompanied singing.  Those taking part will include Mairéad Ní Mhaonaigh, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Maighread Ní Dhomhnaill, Méabh Meir, Mick O’Grady, Jerry O’Reilly agus Clann Mhic Ruairí.  Róise Rua, or Róise na nAmhrán, was born on the island in 1879.  A famed singer, people would often visit her home to hear her songs, and the tales associated with them.  In 1953, Seán Ó hEochaidh of the Irish Folklore Commission, took down 67 songs from Róise, with notes on the stories behind them.  Then, shortly afterwards, Proinsias Ó Conluain and Jimmy Mahon from Radio Éireann came to the island and recorded her singing 60 songs.  Áine Ní Churráin and team today will learn more about Róise Rua, and they are delighted to be joined by members of the island community, both young and old, for the programme.