skip to main content

Adhmhaidin

Gormfhlaith Ní Thuairisg Image Name: Gormfhlaith Ní Thuairisg Description: Gormfhlaith Ní Thuairisg

Beidh an clár ag teacht beo ó bhaile Loch Garman inniu, leagan ar leith d’Adhmhaidin a bheidh ann ina mbeidh Gormfhlaith Ní Thuairisg ag fiosrú na géarchéime a bhaineann le seirbhísí meabhairshláinte sa chontae.  Tá Loch Garman ar cheann de na contaetha is mó sa tír a bhfuil déagóirí agus daoine óga ag cur lámh ina mbás féin ann.  Ar an gclár seo inniu, tabharfaidh tuismitheoirí léargas d’éisteoirí faoin drochbhail atá ar na Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh nó CAMHS (Child and Adolescent Mental Health Services), agus inseoidh siad scéalta truamhéalacha faoin mbriseadh croí a tharlaíonn nuair a chuireann mac nó iníon lámh ina mbás féin.  Labhróidh príomhoide scoile faoi na fadhbanna atá ag déagóirí agus daoine óga an chontae mar a fheictear sa chóras oideachais iad.  Beidh an Síciatraí Péidiatraice Kieran Moore, a chaith 16 bliain ag obair don tSeirbhís Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh Loch Garman, (CAMHS /Child and Adolescent Mental Health Services) páirteach sa chlár freisin, agus é ag cur síos ar na mantanna móra atá sa tseirbhís agus ar an bhfrustrachas a bhíodh air ag iarraidh cúnamh agus tacaíocht a fháil do daoine óga.

A special edition of Adhmhaidin will be presented by Gormfhlaith Ní Thuairisg live from Wexford this morning, focused on the crisis in mental health services in the region.  Wexford is one of the counties with the highest rate of suicide amongst teenagers and young people.  On today’s programme, parents will discuss the current situation with Child and Adolescent Mental Health Services (CAMHS) in Wexford, and the heartbreak of suicide.  A school principal will be in studio to talk about the problems as seen within the education system.  We’ll also hear from Dr. Kieran Moore, a paediatric psychiatrist, who spent 16 years working for Child and Adolescent Mental Health Services in Wexford.  He will talk about the serious deficiencies in services, and his frustration at trying to get the help and support needed for young people when he worked in the county.