skip to main content

Iris Aniar

Image Name:

Tá Cumann Peile na bPiarsach i Rosmuc ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana.  Mar chuid den cheiliúradh, thug siad turas anonn go Boston ag an deireadh seachtaine.  Thug siad cuairt ar oifig an mhéara, Marty Walsh, i Halla na Cathrach Dé hAoine, bhí cluiche peile ar an Satharn idir mná na bPiarsaigh agus Mná Chonnachta – sin foireann ban atá acu thall – agus bhí cluiche peile ann freisin idir fir na bPiarsaigh agus Gaeil Chonamara.  Bhí oíche mhór acu ina dhiaidh sin i Florian Hall i Dorchester, a raibh aíonna speisialta i láthair aige, agus rinneadh bronnadh ar an dá fhoireann.  Bhí Fionnuala Uí Neachtain in éineacht leo ar an turas, chun an ócáid stairiúil a thaifead, agus cloisfidh muid sa chlár seo mar a d’éirigh leo thall.

Na Piarsaigh GAA Club in Rosmuc in Connemara celebrates 60 years this year, and last weekend members of the club took a trip to Boston as part of the festivities to mark the occasion.  They visited Mayor Marty Walsh, who is of Connemara extraction, on Friday, and there were two football matches on Saturday – one between the women’s team and Connacht Ladies in Boston, and another between the men’s and the Connemara Gaels. This was followed by a big night in Florian Hall in Dorchester, with special guests and a presentation ceremony.  Fionnuala Uí Neachtain travelled to Boston with the teams to record this historic trip, and we can hear how they got on in the programme today.