skip to main content

TURAS COSNOCHTA ***New***

Lough Derg Image Name: Lough Derg
Lough Derg Image Name: Lough Derg
Lough Derg Image Name: Lough Derg
Lough Derg Image Name: Lough Derg
Lough Derg Image Name: Lough Derg
Father Gerry - Lough Derg Image Name: Father Gerry - Lough Derg

The “Sanctuary of St Patrick” – Lough Derg – has been welcoming pilgrims for over a thousand years. In the past 150 alone, over 2 million people have spent time in prayer and contemplation on the Holy Island.

This series explores what inspires people to take part in this centuries-old mission. For some, it is a way of dealing with personal problems or strengthening their faith. For others, it is a long-established family tradition, or an opportunity to ‘detoxify ‘from different poisons of modern times’.

The show describes in detail the physical challenges faced by pilgrims, who endure 24 hours barefoot and eating no food, save for a little roasted bread. Most spend a total of three days on the island.

It also considers how the numbers of people going on the Lough Derg pilgrimage have decreased in recent years.

As well as the pilgrims, the series introduces us to the staff who work in the island and the priests there,who explain that while the island was traditionally seen as a place of purgatory and repentance, it is now a place for growth and wellness.

______________________________________________________________________

Sa tsraith dhá chlár seo a scannánaíodh le linn mí Lúnasa 2018, déantar taifeadadh ar scéalta pearsanta na n-oilithreach ó gach cearn den tír a fhreastlaíonn ar thalamh naofa Loch Dearg, Co. Dhún na nGall.

Déantar fiosrú ar na rudaí a spreagann daoine le bheith páirteach sa mhisean seo a bhfuil na céadta bliain de stair ag baint leis, chuig oileán atá ina áit naofa ón chúigiú haois agus, de réir an scéil, an áit a thaispeáin Íosa pluais do Naomh Pádraig a raibh bealach isteach sa phurgadóir ann.

Mar sin, cad iad na cúiseanna a thagann daoine anseo le dúshlán crua a chur i gcrích?

“An rud atá ar siúl anseo – níl sé ag brath ar éinne ach ort féin”, a deir oilithreach, Raphael ó Cho. Chiarraí, sa chlár. Agus leoga, an scoiteacht sin ón saol mór, is téama é a thagann aníos arís sa tsraith:

“Gan an guthán, is cineál detox é, agus tá sé deas a aithint nach bhfuil na socúlachtaí seo ar fad de dhíth orainn”, de réir bean óg ar a céad oilithreacht, Séimhín as Co. Thír Eoghain.

Feiceann lucht féachana Turas Cosnochta na dúshláin fhisiceacha a mbíonn na hoilithrigh ag dul i ngleic leo agus iad ag coinneáil bigil phaidreacha 24 uair an chloig, cosnocht agus gan bia ar bith a ithe – ach amháin arán rósta tur – tríd an tréimhse trí lá a chaitheann siad san oileán.

“Nuair a thosaíonn tú ag smaoineamh faoin oíche, tá sé an-fhada – ón 10pm go 10pm an oíche dar gcionn”, a deir Lelia ó Cho. Chill Dara.

Chomh maith leis na hoilithrigh, cuirimid aithne ar an fhoireann a bhíonn ag obair san oileán a mhíníonn dúinn, cé go n-amharctaí ar an t-oileán go traidisiúnta mar áit phurgóide agus aithreachais, is an-áit é fosta a bhfuil cairdeas agus greann le fáil.

Léirítear áthas agus brón na n-oilithreach sa tsraith, a gcomrádaíocht agus an méid a fhulangaíonn siad, agus tugann an tsraith léargas ar an tábhacht atá ag an oilithreacht do dhaoine sa lá atá inniu ann agus na fáthanna éagsúla atá á spreagadh le cuairt a thabhairt ar Loch Dearg – cosúil le Fiona ó BhÁC:

“Nuair a bhíonn an ghrian ag scaladh agus beagainín gaoithe, tá sé cosúil le gaoithe”

Is léiriúchán é Turas Cosnochta de chuid DoubleBand Films do RTÉ agus do BBC Gaeilge, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.