skip to main content

Seal le Chéile

Kit Uí Fhlaithearta Image Name: Kit Uí Fhlaithearta Description: Kit Uí Fhlaithearta
Eibhlín de Bhailís Image Name: Eibhlín de Bhailís Description: Eibhlín de Bhailís

Ar an gclár seo inniu, labhrann Eibhlín de Bhailís le Kitt Uí Fhlaithearta, bean a bhfuil aithne mhór uirthi ar fud Chonamara mar gheall ar na blianta fada (53 bliain) a chaith sí i bhfeighil tí ósta i nDoire Né, Casla, go dtí gur dhíol sí an áit i 2005.  Is í Kitt a mba léi an talamh, tráth, a bhfuil ceannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta tógtha air anois i gCasla.  Sa gclár seo, roinneann Kitt a cuid cuimhní cinn ar a hóige, na blianta fada a chaith sí sa teach ósta i gCasla agus ar an saol ó d’éirigh sí as a cuid cúramaí i 2005.  Is as Clár Chlainne Mhuiris i gContae Mhuigheo do Khitt ó dhúchas, ach tá sí ina cónaí i nDoire Né, Casla ó 1952 nuair a phós sí John Pheter William Ó Flaithearta as Doire Né.  Bhásaigh a fear céile John agus gan iad ach seacht mbliana pósta i 1959, agus thóg sí a clann óg, Peter agus Mary, le cúnamh ó máthair a fir céile agus a dheirfiúr.

On this programme today, Eibhlín de Bhailís interviews Kitt Uí Fhlaithearta about her life.  Kitt was well-known throughout South Connemara for the long years, 53 in total, she spent running a pub in Doire Né, in Casla, until she sold it in 2005.  Kitt once owned the land where the RTÉRnaG Headquarters is now situated in Casla.  In this programme, Kitt talks about her memories of her youth, the long years she spent running the pub in Casla, and her life since she retired in 2005.  Kitt is originally from Claremorris, Co. Mayo, but has lived in Casla since 1952 when she married John Pheter William Ó Flaithearta from Doire Né.  Her husband died when they were only seven years married in 1959, and she raised her young family, Peter and Mary, with the help of her mother and sister in law.