skip to main content

Na Casaidigh & An Crann Óg 

Na Casaidigh Image Name: Na Casaidigh Description: Na Casaidigh Copyright: Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair

Inniu, cloisfimid coirm cheoil a craoladh beo ó Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair leis Na Casaidigh agus An Crann Óg i mí na Nollag.  Is as Gaoth Dobhair do na Casaidigh, agus tá siad ag casadh ceoil le chéile le os cionn 40 bliain.  Cúigear deartháir atá i gceist – Odhrán, Feargus, Seathrún, Aongus agus Fionntán, agus beidh cuid den chéad ghlún eile den teaghlach ag casadh ar stáitse anocht freisin, ina measc Maitiú Ó Casaide agus Sibéal Ní Chasaide.  Tá An Crann Óg ag ceiliúradh 10 mbliain a mbunaithe i mbliana.  Ceoltóirí óga den scoth atá sa ghrúpa seo, a d’eascair as togra pobail ag an tús, ach atá anois ina bhuíon ceoil aitheanta.  Is é Rónán Mac Aodha Bhuí an clár i láthair.

Today, listeners can get a second chance to hear a concert with Donegal musicians Na Casaidigh and An Crann Óg, first broadcast live from Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair in December.  Na Casaidigh are a family from Gaoth Dobhair, and they have been playing music together for more than 40 years.  The group is made up of five brothers – Odhrán, Feargus, Seathrún, Aongus and Fionntán – and some members of the next generation of the family will join them on stage tonight, including Maitiú Ó Casaide and Sibéal Ní Chasaide.  An Crann Óg is a group of talented young musicians who were brought together initially by a community project, and have now grown to become an acclaimed traditional music group.  Rónán Mac Aodha Bhuí presents.