skip to main content

An tSraith Náisiúnta

Pádraig Ó Sé Image Name: Pádraig Ó Sé Description: Pádraig Ó Sé Copyright: Elaine Kennedy / RTÉ RnaG
Pádraig Ó Sé Image Name: Pádraig Ó Sé Description: Pádraig Ó Sé Copyright: Elaine Kennedy
Pádraig Ó Sé Image Name: Pádraig Ó Sé Description: Pádraig Ó Sé Copyright: Elaine Kennedy/RTÉ RnaG
Dara Ó Cinnéide Image Name: Dara Ó Cinnéide Description: Dara Ó Cinnéide Copyright: Elaine Kennedy / RTE

Beidh an clár á chraoladh beo ó Pháirc Aibhistín de Staic i dTrá Lí inniu, áit a mbeidh Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo i mBabhta 6 na Sraithe Náisiúnta Allianz.  Is léir go bhfuil rud éigin ag brúchtaíl an athuair i gcúrsaí caide sa Ríocht, agus tá éileamh thar na bearta ar thicéid don ócáid, ach beidh fonn ar Mhaigh Eo a rian féin a fhágáil ar an gcluiche tar éis dóibh dul amú beagán le dhá bhabhta anuas.  Is é Dara Ó Cinnéide a chuirfidh an clár i láthair agus is é Pádraig Ó Sé a bheidh i mbun tráchtaireachta.  Beidh tuairiscí freisin ó Bhaile Átha Cliath agus Tír Eoghain i bPáirc an Chrócaigh.

The programme will be broadcast live from Austin Stack Park in Tralee this evening for this crucial tie, with Kerry facing Mayo in a sellout match.  There is a sense that something is brewing once again in the Kingdom, and Mayo will, no doubt, have something to say about Kerry’s march towards a league decider as James Horan’s charges look to rediscover the swagger of earlier rounds.  The show will be presented by Dara Ó Cinnéide and Pádraig Ó Sé will be on commentary duty.  There will also be reports from Dublin V Tyrone in Croke Park.