Anocht ar Manglam Ceoil le Rónán Mac Aodha Bhuí, chomh maith leis an ghnáth-mheascán de cheirníní as tíortha difriúla ar fud an domhain, cluinfidh sibh seisiún sa stiúideo le ceathrar de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr as Éirinn agus Albain. Ar an stáitse raidió anocht beidh Muireann Nic Amhlaoibh, as Dún Chaoin, Siobhan Miller as Albain, Damien Mullane as Londain ach de bhunadh na hÉireann, agus Anna Massie as Inbhir Nis in Albain. Rinneadh an seisiún seo a thaifeadadh le linn camchuairt de chuid Music Network le déanaí.
Tonight Manglam Ceoil, presented by Rónán Mac Aodha Bhuí, will include the usual mix of music from around the world, as well as a live studio session with four of the most talented traditional musicians in Ireland and Scotland. Rónán leaves the radio stage tonight to Muireann Nic Amhlaoibh, from Dún Chaoin in Kerry, Siobhan Miller from Scotland, Damien Mullane from London but of Irish origin, and Anna Massie from Inverness in Scotland. The session was recorded while the musicians were on a nationwide Music Network tour recently.