skip to main content

An Saol ó Dheas

Steve Cooney Image Name: Steve Cooney Copyright: Paul McErlane

Beidh an clár ag craoladh beo ó Áras Bhréanainn inniu, áit a bhfuil Scoil Cheoil an Earraigh faoi lán tseoil.  Féile cheoil a mhaireann cúig lá atá sa Scoil, le béim faoi leith ar cheol agus ar stíl cheoil Chorca Dhuibhne.  Beidh ceardlanna, turais agus coirmeacha ceoil le Liz Carroll, Steve Cooney, Tim Edey, Nell Ní Chróinín agus The Friels ar chuid de na himeachtaí ar chlár na scoile, agus beidh an t-eolas ar fad ag Helen Ní Shé dúinn inniu.

An Saol ó Dheas will be broadcast live from Áras Bhréanainn today, where the Scoil Cheoil an Earraigh festival is in full swing, a five-day traditional music school paying particular attention to the music and style of the Corca Dhuibhne peninsula in Co. Kerry.  The programme of events includes workshops, tours and concerts featuring Liz Carroll, Steve Cooney, Tim Edey, Nell Ní Chróinín and The Friels, to name but a few, and Helen Ní Shé will have all the information for us on the show today.