skip to main content

Siúlach Scéalach

An Taibhdhearc, Galway Image Name: An Taibhdhearc, Galway Description: An Taibhdhearc theatre, Galway Copyright: RTÉ Archives

Ba é an chéad dráma a léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe sa bhliain 1928 Diarmuid agus Gráinne le Micheál MacLiammóir.  Sa bhliain 1968, mar chomóradh 40 bliain ar An Taibhdhearc bheith i mbun drámaíochta, léirigh siad leagan ceoil de “Diarmuid agus Gráinne” i gcóir le Raidió RTÉ.  Ba iad Pádraig Ó hÉanaí ón Taibhdhearc agus Séamus Breathnach ó RTÉ na léiritheoirí a bhí i bhfeighil ar an togra.  Bhí go leor aisteoirí ar an stáitse a mbeadh aithne ag muintir na Gaillimhe orthu: Seán MacGiollarnáth, Seán Stafford agus b’iad Micheál Ó hEidhin, Máire Stafford agus Máire Ní Dhuibhir a bhí i mbun cúrsaí ceoil.  Craolfar an dráma ina iomláine ar Siúlach Scéalach tráthnóna le sméar mhullaigh a chur ar an chomóradh speisialta a rinne Siúlach Scéalach ar 90 bliain na Taibhdheirce ní ba luaithe i mbliana.  Láithriú agus léiriú le hIan Lee.

The first production in the newly founded Taibhdhearc na Gaillimhe theatre in Galway in 1928 was Micheál MacLiammóir’s “Diarmuid agus Gráinne”.  In 1968, to celebrate An Taibhdhearc’s 40th anniversary a new musical version of “Diarmuid and Gráinne” was produced by An Taibhdhearc in association with RTÉ Radio.  Some well-known people from Co. Galway worked on the drama with Pádraig Ó hÉanaí producing for An Taibhdhearc and Séamus Breathnach for RTÉ.  Micheál Ó hEidhin, Máire Stafford and Máire Ní Dhuibhir looked after the music and amongst the actors were Seán MacGiollarnáth, Seán Stafford, Éamon Kelly and many more.  The 1968 production will be broadcast in full on Siúlach Scéalach this evening to round off the special celebration of 90 years of An Taibhdhearc featured in this series earlier this year.  Presenter/Producer: Ian Lee.