Fuair Patsaí Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí, bás i mbliana, suaimhneas síoraí dó. Cúpla mí sular cailleadh é, chuaigh Áine Ní Churráin chun cainte leis faoina shaol, agus is é sin a bheidh le cloisteáil againn sa chlár seo inniu. Cé go raibh Patsaí Dan luaite go dlúth le hOileán Thoraí amach ó chósta Dhún na nGall, ba i mBaile Átha Cliath a rugadh é, agus uchtaíodh é ar an oileán. Chaith sé a shaol ag obair do chearta phobal an oileáin sin. Ba cheoltóir agus ealaíontóir a bhí ann, agus bhí sé pósta agus bhí ceathrar clainne air. Cuirfimid aithne ar Phatsaí Dan sa chlár seo.
Patsaí Dan Mac Ruairí, King of Tory Island, died this year, RIP. Áine Ní Churráin went to see Patsaí Dan a few months before he passed away, and we’ll hear that interview in the programme today. Although he was intimately connected to the island, Patsaí Dan was actually born in Dublin and was adopted on the island. He spent his life working for the rights of the islanders, and was well-known as a musician and an artist as well. He was married and had a family of four. We get to know him in the programme today.