skip to main content

Siúlach Scéalach

Neasa Ní Annracháin Image Name: Neasa Ní Annracháin Description: Neasa Ní Annracháin during recording of RTÉ Radio drama (1980s) Copyright: RTÉ Archives
Neasa Ní Annracháin Image Name: Neasa Ní Annracháin Description: Neasa Ní Annracháin (1966) Copyright: RTÉ Archives

Sa bhliain 1959 chraol Radio Éireann leagan drámatúil de ‘Cúirt an Mheán Oíche’, an dán cáiliúil le Brian Merriman.  Beidh an leagan sin ina iomláine le cluinstin ar Siúlach Scéalach tráthnóna.  Ar na haisteoirí a ghlac páirt ann bhí Neasa Ní Annracháin, nach maireann, i bpáirt Aoibheall.  Sa bhliain 2005 d’eisigh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Cumann Merriman  an dán ar dhlúthdhiosca, agus nasc deas idir an dá leagan mar gurbh í Doireann Ní Bhriain, iníon le Neasa, a thóg páirt Aoibheall sa leagan nua seo.  Beidh Doireann ag caint fán dán agus fána máthair ar an chlár inniu.  Fosta, sa leagan a d’fhoilsigh Raidió na Gaeltachta agus Cumann Merriman, ghlac Eoghan Ó hAnluain, nach maireann, páirt An file sa dán.  Beidh iníon le hEoghan, Clíodhna, ar an chlár chomh maith ag caint fán dán.  Láithriú agus léiriú le hIan Lee.

In 1959 Radio Éireann broadcast a dramatised version of Brian Merriman’s famous poem Cúirt an Mheán Oíche and the poem will be broadcast in full on tonight’s programme.  The late Neasa Ní Annracháin was amongst the actors who took part in the 1959 version, in the roll of Aoibheall.  In 2005 RTÉ Raidió na Gaeltachta published their own version of the great poem and Doireann Ní Bhrian, a daughter of Neasa, was in the play, again, as Aoibheall – a nice family connection.  Doireann will talk about the poem and her mother on the programme this evening.  Also featured in the 2005 version was the late Eoghan Ó hAnluain who played the part of ‘an file’ in the drama.  Eoghan’s daughter, Clíodhna, will also talk about the poem and her father in this evening’s programme.  Presented and produced by Ian Lee.