Is iad Bláthnaid Ní Chofaigh agus Pádraig Ó Sé a chuirfidh an clár seo i láthair beo ón bhforhalla in Óstán an Gleneagle i gCill Airne, áit a bhfuil Oireachtas na Samhna faoi lán-tseoil. Beidh ceol beo ar an gclár inniu, filí, amhránaithe, comhrá le lucht eagraithe féilte, duaiseanna breátha agus bricfeasta blasta don lucht féachana atá i láthair.
Bláthnaid Ní Chofaigh and Pádraig Ó Sé will present this programme live from the lobby of the Gleneagle Hotel in Killarney where the Oireachtas festival is in full swing. There’ll be live music, song, poetry, interviews with festival organisers, great prizes, and a tasty breakfast for audience members.