Tá Coláiste Éinde i mBóthar na Trá i nGaillimh ag ceiliúradh 90 bliain ar an bhfód, agus craolfar Iris Aniar beo ón scoil inniu. D’oscail an scoil ar 23 Deireadh Fómhair 1928. Ag an am, ba scoil chónaithe do bhuachaillí amháin a bhí ann, agus chuaigh formhór na ndaltaí ar aghaidh go dtí na coláistí oiliúna ina dhiaidh. Tá an t-amhránaí Seosamh Ó hÉanaí, t-iománaí Joe Connolly, an t-iriseoir Breandán Ó hEithir, agus iar Uachtarán CLG Seosamh Mac Donncha ar chuid d’iarscoláirí an choláiste. Tá go leor athruithe tagtha ar an scoil ó shin, agus anois is scoil lae comhoideachais atá ann, le 70 múinteoir agus 780 dalta as 46 tír difriúil. Beidh daltaí agus iar-dhaltaí, múinteoirí agus iar bhaill den fhoireann teagaisc le cloisteáil againn ar an gclár inniu, a chuirfidh Séamus Ó Scanláin i láthair.
St. Enda’s College in Salthill in Galway is celebrating 90 years this week since it first opened its doors on 23 October 1928, and the programme will be broadcast live from there today. Originally, the school was an all-boys boarding school, and was part of the preparatory college network with most pupils moving on to St Pat’s in Drumcondra afterwards. Past pupils include sean-nós singer Joe Heaney, journalist Breandán Ó hEithir, hurler Joe Connolly and former GAA President Joe McDonagh. Today, the school is a co-educational day school, with 70 teachers and 780 pupils of 46 different nationalities. Presenter Séamus Ó Scanláin speaks to pupils and staff past and present on the show today.