skip to main content

Gníomh na Polaitíochta

Jim Higgins (1983) Image Name: Jim Higgins (1983) Description: Jim Higgins (1983) Copyright: RTÉ Archives
Jim Higgins (1983) Image Name: Jim Higgins (1983) Description: Jim Higgins (1983) Copyright: RTÉ Archives
Séamus Mac Donnchadha Image Name: Séamus Mac Donnchadha

Inniu ar an gclár seo, cloisfidh muid agallamh le Jim Higgins faoina shaol polaitiúil.  Ba mhúinteoir meánscoile ab ea Jim sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht.  Bhí sé tofa mar Chomhairleoir Contae, mar Sheanadóir, ina Theachta Dála agus ina Fheisire Eorpach, agus sheas sé i 16 toghchán in iomlán.  Sa bhliain 2000 bhí ról lárnach aige i bhfiosrúchán an Bhreithimh Morris, faoi choiriúlacht i measc roinnt Gardaí i gContae Dhún na nGall.  Sa chlár inniu, deir Jim Higgins go gcaithfear fealsúnacht na Roinne Airgeadais a athrú ó thaobh na straitéise a theastaíonn le forbairt a dhéanamh ar pholasaithe iompair sa tír seo.  Creideann sé, mar gheall ar Imeacht na Ríochta Aontaithe as Aontas na hEorpa, go bhfuil deis mhaith anois ag an rialtas anseo athbhreithnú a fháil ar an iarratas a rinne siad ar an Aontas Eorpach faoi Chiste an TEN-T (an Líonra Iompair Tras-Eorpach).  Séamus Mac Donnchadha a chuirfidh an clár i láthair.

Today on the programme, we’ll hear an interview with Jim Higgins about his political life.  Higgins was a secondary school teacher before he went into politics, where he was elected a County Councillor, Senator, TD and an MEP, standing in 16 elections in total.  He had a central role, in 2000, in the Morris Tribunal into allegations of corruption in the Gardaí in Donegal.   Today in the programme, Higgins says that the Department of Finance needs to reconsider the strategies needed to develop transport policies in Ireland.  He believes that Brexit offers Ireland a chance to have their application to the EU under TEN-T (Trans European Transport Network) reassessed.  Séamus Mac Donnchadha presents.