skip to main content

Murach gur Tharla

Prof Fionnuala Ní Aoláin Image Name: Prof Fionnuala Ní Aoláin Description: Prof Fionnuala Ní Aoláin

An tseachtain seo, sa tsraith staire seo, pléifidh an tOllamh le dlí Fionnuala Ní Aoláin, an staraí an Dr Caitríona Clear agus an t-abhcóide Tomás Ó Máille, Bunreacht 1937, agus cé acu an stát coimeádach é Éire dá bharr.  An é an chléir is cúis leis an bhéim a leagan an Bhunreacht ar mhaoin phríobháideach?  Ar sheas Bunreacht 1937 sa bhealach ar chur chun cinn chearta na mban?  Cé mhéid de dhifríocht atá idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla den Bhunreacht?  Is iad Scun Scan Productions a léirigh an tsraith seo, le tacaíocht ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Dónall Ó Maolfabhail léiritheoir agus láithreoir na sraithe.

This week, history series Murach gur Tharla will feature a discussion of the 1937 Constitution, with Professor of Law Fionnuala Ní Aoláin, historian Dr Caitríona Clear, and barrister Tomás Ó Máille.  Was it due to the influence of the clergy that there was such an emphasis on personal property in the Constitution?  Did the 1937 Constitution hamper the advancement of women’s rights?  How much of a difference is there between the English and Irish versions?  These are some of the questions that will be discussed today.  Produced by Scun Scan Productions, with support from the BAI Sound and Vision scheme.  Dónall Ó Maolfabhail presents and produces the series.