Inniu, beidh An Saol ó Dheas ag craoladh beo ó Thigh Curran sa Daingean do Ráiseanna an Daingin, a bheidh ar siúl ó inniu go dtí Dé Domhnaigh. Bíonn daoine ag tarraingt ar an mbaile ó chian is ó chóngar gach bliain le freastal ar an ócáid. I mbliana, beidh os cionn 160 capall páirteach, agus duaiseanna breátha do na buaiteoirí, le duaischiste suas le €6000 i gceist do chuid de na ráiseanna. Beidh Helen Ní Shé agus foireann an chláir i lár an aonaigh inniu agus gach eolas acu dúinn faoin deireadh seachtaine mór atá beartaithe, neart craic agus spraoi.
An Saol ó Dheas will be broadcast live today from Curran’s in An Daingean for the Dingle Races, which take place from today until Sunday. Join Helen Ní Shé and the An Saol ó Dheas crew today to get all the news ahead of this big weekend. The event was founded on 1 August 1895, and is Ireland’s largest Horse & Pony Meeting, with prizes of up to €6000.