Inniu an dara lá d’fhéile Rásaí na Gaillimhe i mBaile an Bhriota, agus seans go bhfuil roinnt pócaí folmha agus cloiginn tinn thart ar an mbaile, agus roinnt pócaí teanna freisin is dócha. Beidh muid ag craoladh beo ón láthair arís inniu le clúdach ar na rásaí uilig. Is í Eibhlín Ní Chonghaile a bheidh sa chathaoir, le tráchtaireacht le Seán Bán Breathnach, nodanna ó na saineolaithe capall Mánus Ó Conghaile agus Cárthach Bán Breathnach, agus beidh Paddy Beag Ó Gríofa thíos ag an bhFáinne agus amach i measc an tslua i gcaitheamh an lae.
Day Two of the Galway Races, and no doubt there are some sore head and empty wallets about the town today, as well as some who may have had a winning streak! We’ll be broadcasting live from there again today with coverage of all the races this evening. Eibhlín Ní Chonghaile will present the programme, with live commentary on the races by Seán Bán Breathnach, tips from horse-racing experts Mánus Ó Conghaile and Cárthach Bán Breathnach, and Paddy Ó Gríofa will bring us all the news from the Parade Ring, and he will be out and about amongst the crowd too.