Sraith nua staire ina bpléann painéil éagsúla staraithe an t-athrú, dar leo, a d’fhéadfadh a bheith ar Éirinn murach gur tharla eachtraí áirithe i stair na tíre. Inniu ar an gclár, pléifidh an tOllamh Emeritus le stair Gearóid Ó Tuathaigh, an tEolaí Polaitíochta agus Socheolaíochta An Dr Tony Varley agus an scoláire Gaeilge an Dr Nollaig Ó Muraíle, Cogadh na Talún agus mór-thionchar a bhí aige ar ath-roinnt talaimh na hÉireann. Cad é an toradh a bheadh ar Chogadh na Talún murach an chléir? Cad a insíonn beathaisnéis Ghaeilge ar leith dúinn faoi dhearcadh shagart áirithe ag an am? Arbh iad na tiarnaí talún féin, agus ní an cosmhuintir, a ba chúis ar deireadh le haistriú talamh na tíre? Scun Scan Productions a léirigh an tsraith seo, le tacaíocht ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Dónall Ó Maolfabhail léiritheoir agus láithreoir na sraithe.
Each week in this new summer series, some of Ireland’s finest historians examine key historical events that shaped Ireland as we know it today and discuss what the impact on our history and our country might be had they not happened. This week, History Professor Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh, sociology and political expert Dr Tony Varley, and scholar Dr Nollaig Ó Muraíle, examine The Land War, and how it affected the redistribution of land across Ireland. Produced by Scun Scan Productions, with support from the BAI Sound and Vision scheme. Dónall Ó Maolfabhail presents and produces the series.