Sa tsraith cartlainne seo, cuireann Eibhlín de Bhailís míreanna inár láthair ó chartlann na seirbhíse i gCasla. Inniu, beidh agallaimh ón gcartlann aici dúinn le beirt de lucht gnó Chonamara a raibh aithne mhór orthu ina gceantair féin lena linn. Cloisfidh muid agallamh le Seosamh Plunkett Ó Tuathail, nó Plunkett Joe mar ab fhearr aithne air, a bhí ina shiopadóir agus i bhfeighil tí ósta i Leitir Móir, agus le hAgatha Bn. Uí Mhistéil a raibh cógaslann aici i lár bhaile na Ceathrún Rua ar feadh blianta fada.
In this archive series, Eibhlín de Bhailís brings us a rich store of material from the RTÉRnaG archive in Casla, Co. Galway. Today, she’ll brings us interviews with two local businesspeople well-known in their own areas during their time, Seosamh Plunkett Ó Tuathail, a shopkeeper and publican from Leitir Móir in Connemara, and Agatha Bean Uí Mhistéil, who ran a pharmacy in An Cheathrú Rua for many years.