skip to main content

Murach gur tharla

Cathal Póirtéir Image Name: Cathal Póirtéir Description: Cathal Póirtéir
Cathal Póirtéir Image Name: Cathal Póirtéir Description: Cathal Póirtéir

Sraith nua staire ina bpléann painéil éagsúla staraithe an t-athrú, dar leo, a d’fhéadfadh a bheith ar Éirinn murach gur tharla eachtraí áirithe i stair na tíre.  Inniu ar an gclár, pléann an tOllamh Emeritus le cúrsaí Eacnamaíochta Cormac Ó Gráda, an staraí An Dr Maura Cronin agus an scríbhneoir Cathal Poirtéir an Gorta Mór, agus mar a chruthaigh sé Diaspora ollmhór.  An mó cabhrach a chuirfeadh Rialtas na Breataine ar fáil le linn an Ghorta, murach gur scoilt an Ghluaiseacht Aisghairithe?  Cad a insíonn dán Gaeilge a scríobhadh ag an am dúinn faoi dhearcadh na cosmhuintire?  An ndéanfadh sé aon difríocht dá mba rud é gur bhuaigh na Tóraithe seachas na Whigs toghchán 1847?  Agus scrúdaítear an t-athrú a d’fhéadfadh a bheith ar stair na tíre agus fiú ar Éirinn an lae inniu murach gur tharla an Ghorta Mór.   Scun Scan Productions a léirigh an tsraith seo, le tacaíocht ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Dónall Ó Maolfabhail léiritheoir agus láithreoir na sraithe.

Each week in this new summer series, some of Ireland’s finest historians examine key historical events that shaped Ireland as we know it today and discuss what the impact on our history and our country might be had they not happened.  This week, panelists Professor Emeritus Cormac Ó Gráda, historian Dr Maura Cronin and writer Cathal Póirtéir discuss the Great Famine, and the great Irish Diaspora it created.  Produced by Scun Scan Productions, with support from the BAI Sound and Vision scheme.  Dónall Ó Maolfabhail presents and produces the series.