skip to main content

Seoda Cartlainne

Bainisí - Weddings Image Name: Bainisí - Weddings Description: Weddings Copyright: RTÉ Archives
Bainisí - weddings Image Name: Bainisí - weddings Description: weddings Copyright: RTÉ Archives

Sa tsraith cartlainne seo, cuireann Eibhlín de Bhailís míreanna inár láthair ó chartlann na seirbhíse i gCasla.  Inniu, éistfidh muid le dhá lánúin phósta agus iad ag déanamh cur síos ar an saol a chaith siad i dteannta a chéile.  Bhí 30 bliain caite ag an gcéad lánúin lena chéile nuair a rinne Ciarán Ó Fátharta agallamh leo i 1989, sin iad Pádraig Ó Conghaile, Pat Phádraic Tom agus a bhean chéile Máire as Leitir Peic sa Spidéal.  Is cleamhnas a déanadh idir an dara lánúin a chloisfidh muid ar an gclár inniu, cleachtas a bhíodh forleathan san am a caitheadh, sin iad Jimmy Mac Eoin agus a bhean Máire as an mBóthar Buí ar an gCeathrú Rua.  Bhí 49 bliain caite acu in éineacht nuair a rinne Breandán Feiritéar an t-agallamh seo leo i 1978.  Is í Eibhlín de Bhailís láithreoir agus léiritheoir na sraithe.

In this archive series, Eibhlín de Bhailís brings us a rich store of material from the service archive in Casla, Co. Galway.  Today, we’ll hear two married couples discuss their lives together.  The first couple is Pádraig Ó Conghaile, Pat Phádraic Tom and his wife Máire from An Spidéal, who had been married for thirty years at the time of the interview in 1989.  The second couple we will hear is Jimmy Mac Eoin and his wife Máire from An Cheathrú Rua in Connemara.  Theirs was an arranged marriage, as was customary at the time, and they had been married for 49 years when Breandán Feiritéar did this interview with them in 1978.  Eibhlín de Bhailís presents and produces this series.