skip to main content

Murach gur Tharla

Dáibhí Ó Cróinín Image Name: Dáibhí Ó Cróinín Description: Dáibhí Ó Cróinín
Dáibhí Ó Cróinín Image Name: Dáibhí Ó Cróinín Description: Dáibhí Ó Cróinín

Sraith nua staire ina bpléann painéil éagsúla staraithe an t-athrú, dar leo, a d’fhéadfadh a bheith ar Éirinn murach gur tharla eachtraí áirithe i stair na tíre.  Inniu, is é réimeas Bhrian Bhoroimhe an t-ábhar a bheidh faoi chaibidil.  Arbh é sin an chéad uair a aithníodh oileán na hÉireann mar náisiún?  An n-éireodh le Brian bheith ina Ard Rí murach conradh cliste a shínigh sé leis an Eaglais?  Cé mhéid den fhreagracht atá ar dhuine de ríthe Chúige Uladh as Cath Chluain Tarbh?   Cad é an ceangal idir shagairt sa 17ú hAois agus bean Bhriain, Gormfhlaith?  Agus scrúdaítear an t-athrú a d’fhéadfadh a bheith ar an stair agus ar Éirinn an lae inniu, murach gur éirigh le Brian Boroimhe a bheith ina Ard Rí agus, dar ndóigh, murach gur tharla Cath Chluain Tarbh.  Is iad an tOllamh le Stair Dáibhí Ó Cróinín, an tOllamh le Sean agus Meán Ghaeilge Máirín Nic Dhonnchadha, agus an staraí an Dr Colman Etchingam, an painéal a bheidh ar an gclár inniu.  Scun Scan Productions a léirigh an tsraith seo, le tacaíocht ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Dónall Ó Maolfabhail léiritheoir agus láithreoir na sraithe.

Each week in this new summer series, a panel of experts looks at a particular aspect or event in Irish history, and imagines what might have happened if things had been otherwise.  This week, the subject up for discussion is the reign of King Brian Boru.  Was that the first time that the island of Ireland was recognised as a nation?  Would Brian have succeeded in becoming high king had it not been for the clever contract he signed with the Church?  How much credit goes to one of the Kings of Ulster for the Battle of Clontarf?  What is the connection between 17th Century priests, and Brian’s wife Gormfhlaith?  How would Ireland look today were it not for the reign of Brian Boru and the Battle of Clontarf?  The panelists for today’s programme are Dáibhí Ó Cróinín, Professor of History, Máirín Nic Dhonncha, Professor of Old and Middle Irish, and historian Dr Colman Etchingam.  Produced by Scun Scan Productions, with support from the BAI Sound and Vision scheme.  Dónall Ó Maolfabhail presents and produces the series.