Inniu, déanfaidh Marty Walsh, Méara Bhoston, agus Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh TD, an oscailt oifigiúil ar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, agus beidh an clár á chraoladh beo as sin ar maidin. Beidh painéal i mbun comhrá le Máirín Ní Ghadhra faoi na pleananna atá ann don ionad nua, agus mar a dhéanfaidh sé comóradh ar stair na himirce ón gceantar. Ar an bpainéal, beidh Tomás Ó Conaire as Ros Muc ó dhúchas, ach go bhfuil cónaí air anois i mBoston, agus Jimmy Mac an Ríogh as Carna ó dhúchas ach go bhfuil cónaí air anois i mBoston freisin. Beidh Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Máirtín Ó Catháin, Cathaoirleach Choiste an Ionaid, agus Seosamh Ó Cuaig ón Ionad, ar an bpainéal freisin.
Today, Marty Walsh, Mayor of Boston, and Joe McHugh TD, Minister of State for the Gaeltacht, will officially open Ionad Cuimhneacháin na nImirceach in Carna, Connemara, a new centre commemorating the history of emigration from the area. The programme will be broadcast live from there this morning, with panelists including Tomás Ó Conaire, now Boston based but originally from Ros Muc, and Jimmy Mac an Ríogh from Carna originally but also living in Boston. They will be joined by Mícheál Ó hÉanaigh, CEO of Údarás na Gaeltachta, Máirtín Ó Catháin, Chairperson of the committee for the centre, and Seosamh Ó Cuaig, also from the centre. Máirín Ní Ghadhra presents.