Beidh deis eile ag éisteoirí an clár seo a chloisteáil inniu, eagrán speisialta a craoladh den chéad uair i mí Márta, bliain ó chuaigh héileacaptar tarrthála 116 de chuid an Gharda Cósta i bhfarraige ar an 14 Márta 2017. Ba iad Dara Fitzpatrick, Mark Duffy, Ciarán Smith agus Paul Ormsby an criú tarrthála a bhí ar bord nuair a chuaigh an héileacaptar i bhfarraige gar do Charraig an Toir amach ó Chósta an Fhóid Dhuibh i dTuaisceart Mhaigh Eo. Máire Bríd Ní Chualáin a chuirfidh an clár i láthair inniu.
Today, listeners get a second chance to hear a special edition of Iris Aniar first broadcast in March, a year to the day that Coast Guard helicopter R116 crashed off the coast of north Mayo, killing the four crew members on board. Dara Fitzpatrick , Mark Duffy, Paul Ormsby and Ciarán Smith died in the accident. Máire Bríd Ní Chualáin presents the programme.