Ceol agus amhráin na nGael in Éirinn agus in Albain a bhíonn le cloisteáil sa tsraith seo, á cur i láthair ag Mairi Anna Nic Ualraig agus Seán Ó hÉanaigh. Tá ceangal ceoil, teanga agus cleamhnais idir muintir an dá thír le fada, gan trácht ar an méid de mhuintir Chúige Uladh a chuaigh ar imirce go hAlbain san am a caitheadh. Comhléiriú atá sa tsraith seo idir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Radio nan Gàidheal.
The music of Ireland and Scotland is explored in this series which is co-presented by Mairi Anna Nic Ualraig and Seán Ó hÉanaigh. There are strong linguistic and cultural links between both countries, and a long tradition of emigration from Ulster to Scotland in years gone by. The programme is a co-produced with BBC Radio nan Gàidheal.