Bíonn Rónán Beo le cloisteáil anois Déardaoin agus Dé hAoine gach seachtain, agus é ar an aer rud beag níos luaithe freisin, ag 2.30 pm. Bíonn Saor Ollscoil na nGael leis na saineolaithe ann gach Déardaoin, le cur agus cúiteamh faoi nathanna cainte na Gaeilge. Beidh Rónán i mbun comhrá le Gaeil i gCéin ar mhír nua gach seachtain, leis, agus beidh ceol beo agus neart scéalta eile aige dúinn. Is é Rónán Mac Aodha Bhuí a chuireann an clár i láthair.
Rónán Beo is now on the air on Thursdays and Fridays every week, at a slightly earlier time of 2.30 pm. On Thursday, the language experts join Rónán to discuss the meaning of turns of phrase in Irish, as requested by listeners. Rónán will also be interviewing Irish speakers living abroad each week, there’ll be live music and lots of other stories. Rónán Mac Aodha Bhuí presents.