skip to main content

Barrscéalta

Aidan Mac Suibhne & family Image Name: Aidan Mac Suibhne & family Description: Aidan Mac Suibhne & family in their new hardware shop in Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Co. Donegal

Beidh Barrscéalta ag craoladh beo ón oscailt oifigiúil ar Shiopa Earraí Crua Mhic Suibhne sna Doirí Beaga inniu.  Beidh ceol agus craic, cur agus cúiteamh ann, agus iad ar chuireadh ó Adrian Mac Suibhne agus a chlann, úinéirí an tsiopa, a bheith i láthair don ócáid.  Is iar-réalt peile agus buaiteoir Uile Réalt é Adrian le Dún na nGall.  Le blianta beaga anuas, dhruid siopaí go leor sa cheantar, agus beidh Áine Ní Churráin agus foireann an chláir ag fiosrú cúrsaí eacnamaíochta san iarthuaisceart mar atá siad faoi láthair ar an chlár inniu fosta.

Today, Barrscéalta will be broadcast live from the official opening of new hardware shop Siopa Earraí Crua Mhic Suibhne in Doirí Beaga in northwest Donegal.  There’ll be music and fun, and plenty of chat, on the show today as Adrian Mac Suibhne and family open their new shop.  Adrian is a former Donegal football star, and an All Star.  Over the last number of years, many businesses in the area have closed, and Áine Ní Churráin and team will also be looking at the economic situation in the northwest on the show today.