skip to main content

Bláthnaid Libh

Beo Gaelach agus Bródúil Image Name: Beo Gaelach agus Bródúil Description: Beo Gaelach agus Bródúil
Bláthnaid Ní Chofaigh Image Name: Bláthnaid Ní Chofaigh Description: Bláthnaid Ní Chofaigh Copyright: Frank McKenna Photography

Inniu ar an gclár, beidh Bláthnaid Ní Chofaigh agus a cuid aíonna ag breathnú chun cinn ar ócáid mhór an lae, an mórshiúl Beo, Gaelach agus Bródúil a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath.  Tá an mórshiúl beartaithe mar cheann de mhór-imeachtaí Bhliain na Gaeilge, agus tá sé i gceist go mbaileoidh Gaeil na tíre le chéile leis an teanga a cheiliúradh agus a mbród sa teanga a léiriú.  Beidh na sluaite ag siúl ó Chearnóg Pharnell go Cearnóg Mhuirfean agus beidh ócáidí teaghlaigh ar bun ansin le ceol beo agus spraoi.  Beidh an scéal uilig ag Bláthnaid ar an gclár inniu.

Today on the programme, Bláthnaid Ní Chofaigh and her guests will be taking a look ahead at the day’s big event – the Beo, Gaelach agus Bródúil march in Dublin.  The march is taking place as part of Bliain na Gaeilge – the year of the Irish language –  and people across the country are invited to come together to celebrate Irish and to show their pride in the language.  The crowds will walk from Parnell Square to Merrion Square, where there will be live music and family events.  Bláthnaid will have the full story on the programme today.