skip to main content

An Cheárta

Aodh Ó Domhnaill Image Name: Aodh Ó Domhnaill Description: Aodh Ó Domhnaill

Inniu craolfar eagrán speisialta den chlár An Cheárta i gcuimhne agus in ómós d’Aodh Ó Domhnaill, scríbhneoir ildánach a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Eanáir.  Ba ag scríobh liricí don ghrúpa ceoil Na hUaisle sna seachtóidí a thosaigh Aodh amach ina ghairm scríbhneora, agus foilsíodh trí chnuasach filíochta leis, Feic, Cambhaill agus Is Araile sna hochtóidí agus sna nóchaidí.  Le fiche bliain anuas, is leis an drámaíocht is mó a bhíodh sé ag plé, agus bhí dlúthbhaint aige leis an ngrúpa drámaíochta Aisteoirí Bulfin.  Inniu ar an gclár, craolfar an dráma raidió leis Fido mo Phíob, dráma grinn osréalach leis na haisteoirí Peadar Lamb agus Áine Ní Mhuirí, le ceol ón bpíobaire Peter Browne.  Craoladh an dráma seo den chéad uair ar RTÉ Raidió 1 sa bhliain 2010.   Cearbhall Ó Síocháin a chuirfidh an clár i láthair.

Today Cearbhall Ó Síocháin presents a special edition of this arts programme in memory of writer and dramatist Aodh Ó Domhnaill who passed away in January.  Although best known for his plays, Aodh was also a poet and started out his writing career as a lyricist for band Na hUaisle.  Today, the programme will feature Aodh’s radio drama Fido mo Phíob, with actors Peadar Lambe and Áine Ní Mhuirí, and music by piper Peter Browne.  The play was first broadcast on RTÉ Radio 1 in 2010.