Déanfar an tarraingt do Chraobhacha Sinsir agus Idirmheánach Peile na Gaillimhe 2018 beo ar an gclár seo ó Óstán Bhaile Chláir na Gaillimhe. Tá athrú mór ar an leagan amach a bheidh ar na comórtais craoibhe i mbliana, agus is ar bhun sraithe a imreofar iad. Beidh ceithre ghrúpa de chúig fhoireann sna sinsir, agus beidh ceithre ghrúpa de cheithre fhoireann sa gCraobh Idirmheánach. Beidh seaimpíní na bliana seo caite, Cora Finne, sa tóir ar an séú craobh as a chéile i mbliana agus beidh Micheál Breathnach, a dícháilíodh ó Ghrád na Sinsir anuraidh, sa tarraingt Idirmheánach. Fógrófar na tarraingtí uile ar Twitter @SportRnaG agus ar leathanach Facebook an stáisiúin freisin.
The draw for the Galway Senior and Intermediate Championship will be broadcast live from the Claregalway Hotel on this programme tonight. The structure of the competition has been changed this year, and there will be four groups of five teams in the Senior competition, and four groups of four teams in the Intermediate competition. Last year’s champions, Corofin, will be looking for their sixth win in a row, and Mícheál Breathnach will compete in the Intermediate competition after being relegated last year. The results will be available on Twitter @SportRnaG and on the station Facebook page.