Beidh an clár á chraoladh beo ó Sheanscoil Sailearna in Indreabhán inniu, áit a mbeidh an chraobh réigiúnach do Ghaillimh agus an Mhí ar siúl do Chlár Comhlachta Údarás na Gaeltachta. Is taithí phraiticiúil ghnó atá i gClár Comhlachta Údarás na Gaeltachta a thugann dúshlán dhaltaí Idirbhliana a ngnó féin a bhunú agus déantar é seo trí mheán na Gaeilge. Bíonn orthu theacht aníos le smaointe do ghnónna, an coincheap a fhorbairt, maoiniú agus acmhainní eile a aimsiú, agus ar an gcaoi sin foghlaimíonn siad féin cad atá i gceist le táirge a thabhairt chuig an mhargadh. Beidh a gcuid táirgí ar taispeáint inniu ag na fiontraithe óga agus cuirfidh siad i láthair a gcuid smaointe gnó, agus fógróidh painéal moltóirí na buaiteoirí. Is iad na scoileanna a bheidh páirteach ann, Coláiste Chroí Mhuire, Coláiste Cholmcille, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Scoil Phobail Mhic Dara, Coláiste Bhaile Chláir, Coláiste na Coiribe, Coláiste Ghobnait agus Coláiste Pobail Rath Cairn. Is í Máire Áine Ní Chuaig a chuirfidh an clár i láthair.
The programme will be broadcast live from Seanscoil Shailearna today in Indreabhán in Connemara, where the Galway and Meath Regional Finals of the Údarás na Gaeltachta Company Programme take place today. The Company Programme is a hands-on business learning experience which challenges Transition Year students to start their own business and is taught through Irish. The students must come up with ideas, develop their concept, work to secure finance and other resources, and thus learn first-hand what it takes to bring a product to market. The young entrepreneurs will display their excellent products and present their business ideas at the Galway Regional Final today where a panel of judges will announce the winners on the day. The schools taking part in today’s event include Coláiste Chroí Mhuire, Coláiste Cholmcille, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Scoil Phobail Mhic Dara, Coláiste Bhaile Chláir, Coláiste na Coiribe, Coláiste Ghobnait and Coláiste Pobail Rath Cairn. Máire Áine Ní Chuaig will present the programme.