Anocht, cloisfidh muid ceolchoirm Éigse an Spidéil 2017. Ar na ceoltóirí a bhí ar stáitse ag an ócáid, bhí Frankie Gavin, Brian McGrath agus George Grasso. Ag an ócáid chéanna, chuir Johnny Óg Connolly An tEarrach Thiar os comhair an phobail den chéad uair, ceol curtha aige le filíocht Mháirtín Uí Dhíreáin, agus ba é Liam Ó Maonlaí a chas na hamhráin. Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár i láthair.
Tonight, we’ll hear the gala concert from the Éigse an Spidéil festival earlier this year. On stage that night were Frankie Gavin, Brian McGrath and George Grasso. The concert also featured the new work An tEarrach Thiar by Johnny Óg Connolly, with the poetry of Máirtín Ó Díreáin put to music, performed by Liam Ó Maonlaí, and we’ll also hear that on tonight’s programme, presented by Neansaí Ní Choisdealbha.