Geobhaidh muid blaiseadh sa gclár seo de chuid den ábhar a chuir aos óg Chonamara i láthair ar stáitse i Leitir Móir i mí na Samhna i mbliana, tar éis dóibh filleadh ar an mbaile ó Oireachtas na Gaeilge a bhí ar bun i gCill Airne i gCiarraí. Cloisfear an dream óg i mbun amhránaíochta ar an sean-nós, lúibíní, agallaimh beirte, agus aithriseoireachta, chomh maith le damhsa ar an sean-nós. Eibhlín de Bhailís a chuirfidh an clár i láthair.
A selection of the wonderful talent on display in Lettermore in Connemara in November, when the young winners from the Oireachtas festival were on stage. We’ll hear them singing sean-nós songs, performing comic duets and sketches, doing recitations and dancing sean-nós on the show today. Eibhlín de Bhailís presents.