skip to main content

Cartlann na gConallach

Inis Bó Finne from Machaire Rabhartaigh Image Name: Inis Bó Finne from Machaire Rabhartaigh Description: Inis Bó Finne from Machaire Rabhartaigh
Damien Ó Dónaill Image Name: Damien Ó Dónaill Description: Damien Ó Dónaill Copyright: Declan Doherty

Sa bhliain 1999, chaill Seamus Mac Ruairí a shuíochán mar chomhairleoir condae i ndiaidh do seirbhís mhór fhada a thabhairt don cheantar.  Bhí sé mar aoi speisialta ag Áine Ní Churráin an bhliain sin, agus labhair se fána shaol mar pholaiteoir, agus éistfidh muid le cuid den agallamh inniu.  Beidh mír fosta le Séamus Ó Fearraigh as Inis Bó Finne ó dhúchas, agus é ag trácht ar na scéalta móra a bhí i mbéal an phobail sna seachtóidí ón tsraith Bhí Sin Ráite.  Beidh agallamh le hAntoin Mac Giolla Easbuig ó bhord Aerfort Dhún na nGall ón bhliain 1995, nuair a fógraíodh go mbeadh seirbhís á chur ar fáil go Dún Éidean, Birmingham agus go Londain Stansted, chomh maith le Baile átha Cliath agus Glaschú.  Damien Ó Dónaill a chuirfidh an clár i láthair.

In 1999, Séamus Mac Ruairí lost his seat as a county councillor, having given many years of service to his county. He was Áine Ní Churráin’s special guest that year on a programme, and spoke to her about his political life, and we’ll hear some of that interview today.  We’ll hear Séamus Ó Fearraigh from Inis Bó Finne originally, talking about the stories that preoccupied the community on the island in the seventies, from the series Bhí Si Ráite.  We’ll also hear an interview with the manager of Donegal Airport in 1995, Antoin Mac Giolla Easbuig, at the announcement of new services to Edinburgh, Birmingham and London Stansted, as well as Dublin and Glasgow.  Damien Ó Dónaill presents.